Eochaill
Maidin Domhnaigh ‘s mé ‘dul go hEochaill
Do chasadh óigbhean orm sa t-slí,
Bhí scáil ’na leacain ar dhath na rósaí,
‘S ba bhinne glór ná na ceoltha sí:
Leagas mo láimh thar a bráid le mórtas
Is d’iarras póigín ar stór mo chroí:
‘Sea dúirt sí: “Stad, is ná straic mo chlóca,
Gan fios do ghnósa ag bean do thí.”
Seo mo lámh duit ná fuilim pósta
’S gur buachaill óg mé thug searc do mhnaoi;
’S dá dtriallfá liomsa thar n-ais go hEochaill
Do gheofá ómós mar a gheobhadh bean tí.
Chuirfinn high-caul cap i gceart ’s i gcóir ort,
Gúna, clóca ’gus caipisín
Beidh siopa dram agat le brandy ’s beoir ann,
’S do leanbh óg deas ag súil a’ tí.
“Níl ann ach uair bheag ó dh’fhágas Eochaill,
’S ní ligeann an brón dom filleadh aríst
Do bheadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom;
’S ní bhfaighinnse fóirthint ó mo chairde gaoil.
Leath a n-abair siad, ní dhéanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló ’s d’oí’;
Is cailín scaite mé ’tá ag siúl an bhóthair
Ag lorg an eolais ar Cheapach Chuinn.”